Bhí fear ann uair amháin agus bhí triúr mac aige, níor chuir sé muineadh ar bith ortha ach ar fhear amháin aca agus dhéanfadh sé gach aon rud a d'iarrfadh a athair air agus an beirt eile d'imigh siad leobhtha agus níor phill siad go cionn fiche bliadhain. D'fhan an bheirt eile 'san bhaile agus thug sé aire do na athair agus bhí an t-athair aosta agus fuair sé bás. D'fhág sé an teach agus an (t-) talamh ag an fear a bhí ins an bhaile ar fad. Chualaidh an bheirt a bhí i Albain go bhfuair a n-athair bás agus dar leobhtha go rachadh siad chun na bhaile agus go bfuigheadh siad cuid den(t-) talamh agus agus nuair a shroich siad an bhaile tháinig eagla mór ar an fear a bhí ins an bhaile go marbhochadh siad
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »