Scoil: An Tor
- Suíomh:
- An Tor, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Mac Monagail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tor
- XML Leathanach 71
- XML “Sneachtán Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aer. Scaoil sé an seabhac, bhain sé an croidhe as, agus thug chuig an bhean é. D'iarr sé ar Sneachtán Bán imtheacht agus gan pilleadh ar an teach feasta. Shíl an bhean go raibh Sneachtán Bán marbh. D'imthigh Sneachtán Bán léithe go dtí teach na ndaoiní beaga. Shuidh sí ar an chataoir agus thuit sí na codladh.
Nuair a tháinig na daoiní beaga isteach agus tháinic siad an girseach na codladh, mhuscail siad í. D'iarr siad uirthí, "i gcuid san a dheanamh agus gan éinne a leigint isteach." Dúirt sise "nach leigfeadh." D'imigh na daoiní beaga amach ag obair arís.
Annsin chuir an bhean ceist ar an ghloine, "cé acu is deise indiú." Dubhairt sé, "tá tusa deas acht tá sneachtan Bán níos deise." Bhíos aici annsin go rabh Sneachtán Bán beó ar fad. Choirig sí í fhéin agus chuaidh sí thart a dhíol beiltannaí. Chuaidh sí go dtí an teach seó agus d'iarr sí air Sneachtán Bán "beilt a cheannacht." Dúirt sí "nach gceannochadh." Dubhairt sí, "bh earfaidh mé duit gan dadaidh í." "Thug"
Nuair a chuaidh Sneachtán Bán á chuir uirthí, dubhairt an bhean "fan go dteannaidh mise ort í." Theann an bhean go maith í agus thiocfadh léithe. Thuit an ghirseach marbh ar lár an urláir. Scaoil siad an beilt agus d'eirigh an girseach beó arís.
Nuair a tháinig na daoiní beaga isteach, d'innis sí an scéal daobhtha. D'iarr siad uirthí, "gan aon duine a leigint isteach níos mó," agus dubhairt sise "nac leigfeadh." D'imthigh na daoiní beaga amach a gh-obair arís. Nuair a chuir an bhean ceist ar an ghloine lá ar na bhárach cé acu is deise indiú. Dubhairt sé "tá tusa deas acht tá Sneachtán Bán níos deise." Bhios aicí annsin go rabh Sneachtán Bán beo ar fad.
Chóirigh sí í fhéin agus chuaidh sí amach a dhíol(leanann ar an chéad leathanach eile)