School: An Tor
- Location:
- An Tor, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Monagail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tor
- XML Page 7
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lán gárradh caoirigh bána agus caora dhearg ina measc
"Do chár agus do theangaidh"
Chuaidh sé thart ar an teach agus isteach i bpoll na heochra.
"An ghaoth"
Ma chumhduigheann crúb ainmhidhthe leath acra talamh, caidé chumhduigheas a iarball. "Tóin"
Chuaidh sé thart ar an teach agus an dreibhlin na diaidh.
"Chearc agus an t-éilín"
Muilín beag amuigh agus céad gamhain aici "An ghealach agus na réulta."
Teachtaire beag ó theach go teach agus bíonn sé amuigh san oidhche.
"Bealach mór."
Tá rud eighinteacht ingluaisteán agus níl úsáid a bhéith leis, a ní thig leis a ghabhail gan é. "Torman"
Barraile ar an tráigh sa dha chionn dhruidte. "Uibh."- Collector
- Máire Nic Aodha
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Ní Cailín
- Gender
- Female
- Ólann an Rí fuigheall an chait.
Is fearr focal san chúirt nó púnt san sparán.
Is glas iad na cnoic i bhfadh uainn.
Adhbhar an magaidh ag déanamh magaidh.
An té nach ndeán a gnoithe an am bíonn sé na phlé-seam.
Is fearr fuigheall brachain nó fuigheall magaidh.
Cé bith atá saor caitheamh sé cloch.