School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 21

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 21

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 21
  3. XML “Malaí Chnó Luí”
  4. XML “Seanfhocail”
  5. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    5.
    Is truagh gan mé gus ainnir geal mo chléibhe ar thaobh an chnuic grianfaidh go h-árd.
    Faoi imioll ná n-ailtean beag siabhróg nó go n-innseochainn mó scéal dí ós ard
    Chóireachainn-sa leabaidh tá t-Sliabh dí ar fhasgadh faoi sgia breac ná n-árd
    Mhuirinn-sé bradán gus fiadh dí, sní bh'eagal dúinn muscladh go lá.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sean -Fhocla
    An té nach ndéan i ghnoithe in am, beidh sé ina phlé-seam.
    An té atá breugach, tá sé bradach.
    An té is lugha céill is cóir a réir a chead uair.
    An té bíos buadhartha, bíonn sé bogadaighe.
    An té nach gcuireann sá n-Earracn ní bhainfidh sé san Fhoghmhar.
    Éist lé fuaim ná h-abhann agus gheobhaidh tú breac.
    Is fearr focal sá chúirt ná púnt sá sparán.
    Cé bith atá saor caitheadh sé cloch.
    Is righ gach duine ar a thoil fhéin.
    Ólann an Righ fuigheallach an chait.
    Cuir sópa ar an rópa agus tarraingeochaidh sé fhéin.
    Is maith an té a ghnidheas a ghnoithe dó fhéin.
    Cuir síoda ar ghabhar is gabhar i gcomhnuidhe é.
    Is fearr go mall ná go brathach.
    Is fearr uaigneas maith ná droch-chuideachta.
    Is binn béal na thost.
    Más olc maol is measa mollach.
    Fad is mairidh sé foghnamh sé.
    Ag inse (?) sgéil dó ghearán, san gearán ar a chos ináirde.
    Más fada an lá tiocfaidh an oidhche sa deireadh.
    Ní buan cogadh ná gcarad.
    Imthigheann ná daoiní ach fanann ná cnuic.
    Níl ins an tsaoghal ach gaoth agus toit.
    An té nach bhfuil ciall aige bhéarfaidh an saoghal ciall dó.
    Sé Dia an fear is fearr.
    Mar a mhaithe leis fhéin ghnidheann an cat crónán.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Tomhais orm, tomhais ort, caidé’n dealg chuir Brighid sa bhrat. (Súithche)
    Lán gárraidh dé chaoirigh bána, agus caora dhearg ina measc. (dó chár agus dó theangaidh.)
    Chuaidh sé anonn thar sáile, tháinig sé anall i mála, agus níl bliadhain ar bith nach mbaintear lomairt dó. (lion.)
    Teachtaire beag ó theach go teach as bíonn sé amuigh san oidhche. (Bealach mór.)
    Chuaidh sé thart ar an teach agus sean chóta m’athara air. (caora.)
    Tá sé amuigh agus istoigh, tá sé idir an t-aer agus an talamh. (fuinneóg)
    Muiltín iarainn as ‘ruball olna uirthí. (snathad agus snáithe olna inntí.)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Collector
    Meadhbha Nic Suibhne
    Gender
    Female
    Informant
    Maighread Nic Suibhne
    Gender
    Female