Tá sé i bhfos, tá sé thall, tá sé ag Séan ar a chuid, tá sé fríd an sáile liath, agus gan é níl blas ar uibh. (salainn.)
Chomh h-árd lé bainne, chomh milis lé mil, go bán lé bainne, agus go dearg le fuil. (ubhla.)
Máthair mór ar chúl an chófra agus dhá chéad súl air. (Gas cabáiste.)
Dhá chois ar an talamh, trí cosa inairde, ceann an duine bheó i mbéal an duine mharbh. (pota ar do cheann)
Corcán óir lán de fheoil bheó. (Méaracán.)
Chuaidh cearc dhubh agus cearc bhán suas an cnoc, tháinig an chearc dhubh anuas agus d'fhan an chearc bhán shuas. (Rug sí uibh.)
Siúd thart ar an teach é, agus an dreibhlín ina dhiaidh. (Chearc agus na héanacha.)
Tarann sé leis fhéin agus ní imthigheann sé gan cuideachta. (Bás.)
Tchím ins an chuibhreann é, tchím ins an t-sruthán glas é, míle bean uasal ag damhsa go deas, gúna gorm agus gúna glas, agus dá mbeitheá ag tomhas, ag tomhas go dtí an oidhche ní thomhaisfeá sin. (blátha ar phreataí.)
Tcím fear bocht achan lá, ní fheiceann fear uasal ach corr uair é, as ní fhacaidh Dia ariamh é. (fear níos fearr ná tú fhéin.)
Chuaidh sé thart ar an teach agus isteach i bpoll na h-eochrach. (an ghaoth.)