School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 35

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 35

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 35
  3. XML “Tomhaiseanna”
  4. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Caol díreach an ród, sin a bealach mór in aithghiorra.
    Más fada an lá tiocfaidh an oidhche.
    Cuir síoda ar ghabhar is gabhar i gcomhnuidha é.
    An té nach bfuil ciall aige, bhéarfaidh an saoghal ciall dó.
    Éist le fuaim na h-abhann agus gheobhaidh tú breac.
    Is glas iad na cnuic i bhfad uainn. Bíonn súil lé muir ach ní bhíonn súil lé uaigh.
    Más fada an lá, tiocfaidh an oidhche.
    Más olc maol is measa mullach.
    An té bhíos buaidheartha, bidh sé bogadaigh.
    An té nach bfuil ciall aige, bhéarfaidh an saoghal ciall dó.
    An té nach ndéan i ghnoithe in am, béidh sé ná phlé-seam.
    Leig chum an bhodaigh mé, ach ná leig an bodach chugam.
    Is maith(?) rud a mhaireas i gcomhnuidhe.
    Is fada an bealach mór, nach bhfuil coradh ann.
    Is olc an madadh nach fiú fead a dhéanamh.
    Níor bhris dhá fhocal fiacal ariamh.
    Is fearr focal sá chúirt ná punt sá sparán.
    An té is lugha céill is cóir a rogha a chead uair.
    An té atá dóigheamhal tá sé furast a chóiriughadh.
    An té bíos gan chéill bíthear ag magadh air.
    Níor dhruid Dia doras ariamh nach bhfoscalochadh sé ceann eile.
    An rud a tchidh an leanbh sé ghnídh an leanbh.
    Ní fhanann muir le fear sotail.
    Grástaí san t-sean-am.
    Ins an t-sean-am Oidhche na Marbh , bá ghnáth leis na sean daoiní pota brúightín a ghlanadh. Bheadh sé bruithte aca i n-am luidhe. Scuabfadh siad an t-urlár agus nighfeadh siad na soithigh fá chuinne na mairbh, mar bheadh siad ag meas gur sin an oidhche a thiocfadh siad. Nuair a bhéadh an méid sin déanta aca, d'fhágfadh siad pota brúightín a chois ná teineadh agus spúnog sáithte ann. Ar maidín lá thar na bhárach nuair a d'éireochadh siad, bhéadh an pota folamh. D'imthigh ná grástaí sin uilig anois, agus níl dadaidh de'n tseort sin ann anois.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Is Righ gach duine ar a thoil fhéin. I bhfad ó má dhaoine idir dhá thír, a chara ná smaointigh mó fhágail. Ní thig eolas gan aon-toigheas. An té bios buaidheartha, bidh sé ag bogadaigh. An té atá gan chéill, bidh sé ag magadh air. Cé bith atá soar, caitheadh sé cloch. Ní buan cogadh ná gcarad. Ní tháinig ariamh an meadhar mór, nach dtiocfadh ina dhiaidh an dubh-bhrón. Is maol guala gan dearbhráthair. Is minic a loit beathach álta, beathach uasal. G(?) éan mar oiltear é. Cér treise leis lann, bíodh aige an gadhar bán sá fiadh. Más feall tillfidh. Is fear uaigneas maith ná droch chuideachta. Is fear fuigheall brachain ná fuigheall magaidh. Níor dhruid Dia
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Ní Chonnachain
    Gender
    Female
    Informant
    Pádruig 'Ac Connachain
    Gender
    Male