School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 26

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 26

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 26
  3. XML “Tomhaiseanna”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Dá gcaillfinn-sa leath-choráin, agus mé ghabhail a cuartughadh, caidé dhéanfainn nuair a gheobhainn í. (stadfainn a cuartughadh)
    Chuaidh sí thart ar an teach agus an dreibhlín ina diaidh. (cearc agus na h-éanacha)
    Caidé é a bhfuil trí cosa air. (pota)
    Caidé é a bhfuil ceithre cosa air agus é lán cluimhrigh. (leabaidh chluimhrigh)
    Tá madadh rua agus gé agus pionainn chochain ar thaobh de'n loch agus caithidh an fear ceann amháin aca a thabhairt trasna san bhád gach iarraidh. Ní thig leis an ghé a leigint chóir an phionainn, nó an madadh rua a leigint chóir an ghé. Caidé mar thabharfadh sé trasna sabhailte iad.
    Fr: Bhéarfaidh tú trasna an gé ar dtús, tiocfaidh tú anall aríst agus bhéarfaidh tú trasna an madadh ruadh agus bhéarfaidh tú anall an gé. Beidh pionainn chochain trasna leis agus fágaidh sé thall í. Tiocfaidh tú anall annsin fá choinne an ghé.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí gasúr agus a mháthair ann aon uair amháin, agus bhí siad iongantach bocht. Lá amháin dubhairt an gasúr leis an mháthair "Déan lón damhsa nó tá mé ag imtheacht a chuartughadh oibre" Rinne a mháthair amhlaidh, agus d'imthigh an gasúr leis an bealach mór. Ní raibh an gasúr i bhfad ar siubhal nuair a casadh cat air. "An leigfidh tú mise leat" arsa an cat, "leigidh" arsa'n gasúr agus d'imthigh siad leo nó san deireadh gur casadh madadh ortha. "An leigfidh tú mise leat" arsa'n madadh. "leigfidh" arsa an gasúr, agus d'imthigh siad leo gur casadh gabhar ortha. "An leigfidh tú mise leat" arsa an gabhar. "leigfidh" arsa an gasúr, agus d'imthigh siad leo gur casadh ballóg ortha. "An leigfidh tú mise leat" arsa an bhallóg. "leigfidh" arsa an gasúr, agus d'imthigh siad leo ar casadh coileach ortha. "An leigfidh tú mise leat" arsa an coileach, "leigfidh" arsa an gasúr, agus d'imthigh siad leo gur casadh ganndal ortha. "An leigfidh tú mise leat" arsa an gandal "Leigidh" arsa an cat, agus d'imthigh siad leo go raibh sé mall go maith trathnóna. (?) a ghabhail a sholas dó chonnaic siad solus beag suas ag bun cnuic. Smaointigh siad go rachadh siad suas go bh'feicfeadh siad caidé a bhí nann, agus chuaidh. Nuair a chuaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0130: The Animals in Night Quarters
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Informant
    Conall 'Ac Domhnaill
    Gender
    Male