School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 30

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 30

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 30
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Fuair a n-athair bás agus thiocfadh an Righ fad leis an teach achan lá agus chuirfeadh sé ceist (?) an cheirde a bhí sí ag dul a fhoghluim d'ón ghasúr" agus d'éarfadh sise gur "gaduidheacht" Séan a bhí ar an ghasúr seo.
    Aon lá amháin d'imthigh sé a fhoghluim a cheirde. Nuair a tháinig sé ná bhaile tháinig an Righ fhad leis an teach agus chuir ceist ar Shéan rabh a cheirde foghluimithe aige go fóill" Dubhairt Séan "go raibh". "Bhal, má tá" arsa an Righ, "caithfidh tú gabhail anocht agus dhá chapall a ghoid in(?) bhfuil ceathrar fear a gcoimhead" "Maith go léor" arsa Séan.
    D'imthigh Séan an oidhche sin agus chuaidh sé fhad le toighe leanna agus (?) sé ceithre bhuidéal uisce beatha. Chuaidh sé annsin fhad leis an bhoitheach a raibh na ceithre capaill istoigh ann. Tháinig fear amach as an bhoitheach annsin agus chonnaic sé Séan amuigh. Rith sé isteach annsin agus dubhairt sé "go raibh fear ólta amuigh annsin." Léim siad anuas ó ná gcuid capaill agus thug siad rása amach, agus bhí siad ag brath ghabhail a throid. Dubhairt fear amháin "go raibh buidéal leis an fhear seo fá choinne gach duine aca." Chuaidh siad suas suas ar ná capaill arís, agus d'ól siad an t-uisce beatha. Go luath is d'ól siad é, thuit siad anuas ó ná capaill. Tháinig Séan isteach annsin agus thug sé leis ná capaill chuig anRígh. "Maith tú arsa an Righ acht tá níos mó ná sin lé déanamh agat. caithidh tú mise mé fhéin a ghoid anocht." "Maith go leór" arsa Séan agus d' (?) amuigh ar an chnoc an oidhche sin a choimhéad. Chuaidh an Righ isteach i dteach an (?) i bhfolach. Tháinig Séan san oidhche go dtí an doras agus rinne sé sgread. "Cé sin" arsa an Righ. "Peadar na n-Eochrach" arsa Séan, "agus má tá dúil agat ghabhail liom tabharfaidh me lio(?) "Maith go leór" arsa an Righ, agus chuaidh sé go dtí an doras agus chuaidh sé isteach a mála (?) bhí a cheann a bualadh ar ná clocha ritha an ama. Chuaidh siad giota eile agus casadh bealach (?) otha. "An bhfuil muid ins na Flaithis anois" arsa an Righ. "Tá tú thiar i gcúl mó mháthair arsa Séan" "Sgaol mé anois" arsa an Righ, "agus díolfaidh mé go maith thú"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí girseach ag dul ar fastódh uair amháin, agus rinne a máthair bonnóg mhór sá mallacht agus bonnóg bheag sá beannacht. D'imthigh sí léithe agus chuaidh sí go dtí teach agus ní raibh a(?) agus fuair sí fastódh. Bhí an tseanbhean ag imtheacht agus d'iarr sí ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Informant
    Conall 'Ac Domhnaill
    Gender
    Male