School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 17

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 17

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 17
  3. XML “Seanfhocail”
  4. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Glacann sé beirt le comhrac a dhéanamh.
    Cé gur fada an lá tiocfaidh an oidhche.
    Is fearr fuigheall brachain, ná fuigheall magaidh.
    An té atá saor caitheadh sé cloch.
    An té atá breugach, tá sé bradach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tomhais orm, tomhais ort, caidé an dealg a chur brighid sá bhrat. (Súithche)
    Chuaidh beirt clann Chonaill chraobhaigh amach na chnuic maidín cheo, agus an méid a fuair siad chaith siad uatha é, agus an méid nach bhfuair bhí sé leó. (féasóg)
    Tarann sé leis fhéin, agus ní imthigheann sé gan cuideachta. (bás)
    Baraille ar an tráigh agus a dhá cheann druidte (Uibh)
    Toit sa choillidh agus gan teinidh ar bith. (ceo)
    Chuaigh mé suas an boithrín, tháinig mé anuas an boithrín, agus thug mé an boithrín ar mo dhruim liom. (dréimire)
    Trí cosa ináirde, dhá chos ar an talamh, ceann an duine bheo i mbéal an duine mharbh. (pota ar cheann duine.)
    Ceathrar ná rith, ceathrar ar crith, beirt ar an eolas, gus an róidín ar deireadh. (bó)
    Mo ghiola beag caol ná luidhe ag an tobar, tá a cheann cruaidh mol, mol leis an obair, ní itheann sé arán, ní ólann sé bainne, ní stadann sé is cuma cé an obair. (peann)
    Tá sé amuigh, agus astoigh, idir an taer agus an talamh. (fuinneog)
    Teachtaire beag ó theach go teach, agus codlann sé amuigh san oidhche. (bealach mór)
    Lán gáraidh dó chaoirigh bána, agus caora dhearg ina measc. (Dó chár agus dó theangaidh.)
    Tá maoilín beag amuigh annsin, agus tá cuilt agus plainncead Féile Muire uirrthi. (cruach)
    Tá maoilín beag amuigh annsin agus tá trí chéad gamhain aicí. (An ghealach 'sna réaltógaí)
    Bog, bog idir dhá bhog, bog thusa bog acú agus bogaidh an dá bhog eile. (asal as feadhnógaí)
    Thig sé isteach idir dhá láimh duine agus amach chomh mín le síoda (móin)
    Siúd thall é, siúd i bhfos é, ní luaithe thall nó bhfos é. (maide briste.)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Dhubhgáin
    Gender
    Female
    Informant
    Padruig 'Ac Gallchobhair
    Gender
    Male