Scoil: An Tor

Suíomh:
An Tor, Co. Donegal
Múinteoir:
Seán Mac Monagail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 56

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 56

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tor
  2. XML Leathanach 56
  3. XML “Oíche na Marbh”
  4. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chríost ar mó anam a cheangal Íosa ar an chrann. Luighim ar mó láimh dheas is codhlaim ar mó láimh clí. Tuighim don anspiorad agus gabhaim leis an spiorad naomh. Láimh dheas ar Dhia agus láimh Dé go rabh liom, beannacht go rabh fá dtaobh dúinn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá sé i bhfos, tá sé thall tá sé ag Sean ar a cuid bídh, tá sé fríd an t-sáile liath as níl blas ar uibh gan é (Sallan)
    Comh h-árd le balla, comh bán le bainne, comh dearg le fuil, comh milis le mil. (Ubhla)
    Mathair mór ar chúl an cófra agus dhá chéad cóta uirthi. (Gas Gabaiste.)
    Dhá chos ar an talamh agus trí chos i n-airde, ceann an duine beó i mbeál an duine marbh. (Pota ar cheann duine)
    Corcán ór lán de fheoil bheó. (Méaracán)
    Síos an sa cuibhreann tchím an tuan glas míle bean uasal ag damhsa go deas, gúna gorm agus gúna glas, da bheithfá ag tomhais go bráth ní thomhaisfeá sin. (Blátha ar pr???)
    Tcíoann fear bocht achan lá é. Ní fheiceann fear uasal ach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Anna Ní Baoighill
    Inscne
    Baineann