School: An Tor

Location:
Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail

Filter stories

Back
/ 76 Forward
Resolution: Low | High
An Tor | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 45

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

air. Fuar an fear bás sular fhág sé an teach, agus chuaidh a anam isteach na bhfhlaitheais.

Sgéal
bhí fear ann aon uair amháin agus d'imthigh sé ag a chuid angacha ionghantach luath ar maidín. Nuair a bhí sé ag gabháil thart le bun binne chonnaic sé caise i gcontabhairt. D'imthigh sé leis, agus phill sé agus thug sé leis í. D'éirigh bean ruadh amach roimhe agus dubhairt sí . gabh leat le dó gnoithe agus rud ar bith nach mbaineann duit nach bain dó.
D'imthigh sé leis na bhaile agus d'innis sé dó na bhean an sgeal. Fad agus bhí siad ag cainnt. Bualadh an doras. D'fhoscal sé an doras acht ní rabh duine ar bith ann. D'aithin sé an bhean agus bean muinntire dó fhéin a bhí ann a báitheadh ar loch na Carraige. Bhí sí le báitheadh annsin arsa bhean.

Language
Irish

Bhí fear ann fadó agus bhí droch bhean aige, nuair a bheadh sé amuigh ag obar thiocfadh sé isteach agus ní bheadh dinnear ar bith déanta aicí dó. Chuir sé ceist oirthí cad chuige nách ndéan sí réidh dinneár dó. Dubhairt an bhean go bé an rial a bhí aca na achan nduine i chuid bidh fhéin i dhéanamh réidh.
Lá amhain tháinig sé isteach iongantach luath agus bhí an bhean ag ithe cearc. Chuir sé ceist oirthí an rabh a dhath dé sin fágtha. Dubhairt sí

(continues on next page)