School: An Tor

Location:
Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail

Filter stories

Back
/ 76 Forward
Resolution: Low | High
An Tor | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 40

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

rinne sí gáire. Bhí lúthgháir mhór ar an rígh nuair a fuair an inghean biseach. Sgáirt sé ar Shéan agus thug sé ór agus airgead dó. Pósadh Séan agus an inghean annsin agus bhí dóigh mhaith air ó sin amach.

(no title)

Cuir síoda ar ghabhar ...

Cuir síoda ar ghabhar 'sé an gabhar i gcomhnuidhe é.
Éist le fuam na h-abhanna 's gheobhaidh tú breac.
An té nach ndeán i ghnoithe i n-am béidh sé na phlé-seam.
An té tá bréagach tá sé lochtach.
Ní h-iad na fir mhóra a bhaineas an fóghmhar i gcomhnuidhe.
Is deacair ollann a bhaint dé ghabhar.

Collector
Máire Ní Dhomhnaill
Gender
female
Informant
Conall Ó Domhnaill
Gender
male
Language
Irish

Tá sé i bhfos tá sé thall tá sé ag Seán ar a chuid bídh. Tá sé fríd an sáile liath, 's gan é níl blas ar uibh. (Salann)
Corcán ór lán de feól beo. (Mearacán ar mheár.)

Bhí gasúr beag ann uair amháin agus tháinig an sagart isteach aige, agus chuir sé ceist air an rabh fhios aige an Teagasc Críosta. Dubhairt an gasúr go rabh fhios aige cuid dí. Chuir an

(continues on next page)