Scoil: An Tor
- Suíomh:
- An Tor, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Mac Monagail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tor
- XML Leathanach 31
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ghirseach gan amharc suas san t-simleoir, agus nuair a fuair sí ar shiubhal í, d'amharc sí suas sá t-simleoir agus chonnaic sí mála ór agus airgid agus d'imthigh sí leis. Chuaidh sí giota agus casadh caora uirthí, "lom mé, lom mé" arsa'n chaora, "nó ní lomadh lé seacht mbliadhna mé." Chuaidh sí giota eile agus casadh capall uirthí, "cíor mé, cíor mé," arsa an capall, "nó ní cíoradh le seacht mbliadhna mé." Chuaidh sí giota eile agus casadh bó uirthí, "blidh mé, blidh mé" arsa an bhó "nó ní blidheadh lé seacht mbliadhna mé," agus d'imthigh sí léithe. Chuaidh sí giota eile agus casadh muileann uirthí, " cuir a ghabhail mé, cuir a ghabhail mé " arsa an muileann, "nó ní cuireadh ghabhail le seacht mbliadhna mé," agus luigh sí ar an taobh thall dé'n mhuileann, agus chuaidh an t-sean bhean a cuartughadh. Chonnaic sí go dtí an chaora chead uair agus chuir sí ceist uirthí "an dtainig girseach ar bith an bealach seo", dubhairt an chaora "go dtainig, "agus go dteachaidh sí síos go dtí an capall." Chuaidh sí go dtí an capall agus chuir ceist air. "an dtainig girseach ar bith an bealach seo," dubhairt an capall "go dteachaidh sí síos go dtí an bhó." Chuaidh sí go dtí an bhó agus chuir ceist uirthí, "an dtainig girseach ar bith an bealach seo," dubhairt an bhó "go dteachaidh sí síos go dtí an muileann, Chuaidh sí go dtí an muileann annsin, agus chuir ceist air "an dtainig girseach ar bith an bealach seo," dubhairt an muileann "sin thall ná luidhe í." Bhain an t-sean bhean daoithe mála an airgid agus an ór agus bhual sí lé slat ná draoidheachta í, agus thionntuigh sí isteach ná cloch. Agus nuair a bhí sí seo bliadhain ar shiubhal, dubhairt an deirbhshiúr eile go raibh sise ag imtheacht ar fastódh anois. Rinne an mháthair bonnóg bheag sá beannacht, agus bonnóg mhór sá mallacht. Chuaidh sí go dtí an chead teach, ach ní raibh ann ach seanbhean, agus bhí sí ag imtheacht, agus ar sise léithe, "ar dó bhás ná hamharc suas san t-simleoir." Nuair a d'imthigh sí, d'amharc an ghirseach suas san t-simleoir chonnaic sí mála airgid agus ór. Thug sí léithe an mála agus d'imthigh sí leis. Chuaidh sí giota agus casadh caora uirthí, "lom mé, lom mé" arsa an chaora, "nó ní lomadh lé seacht mbliadhna mé." Chuaidh sí giota eile agus casadh capall uirthí, "cíor mé, cíor mé," arsa an capall, "nó ní cíoradh le seacht mbliadhna mé." Chuaidh sí giota eile agus casadh bó uirthí, "blidh mé, blidh mé" arsa an bhó "nó ní bligheadh lé seacht mbliadhna mé," agus d'imthigh sí léithe. Chuaidh sí giota eile agus casadh muileann uirthí, " cuir a ghabhail , cuir a ghabhail mé " arsa an muileann, "nó ní cuireadh ghabhail le seacht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Conall 'Ac Domhnaill
- Inscne
- Fireann