School: Rann na Feirsde (roll number 15927)

Location:
Rinnafarset, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Baoighill

Filter stories

Back
/ 168 Forward
Resolution: Low | High
Rann na Feirsde | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

a bheith goidte leis. D'imthigh sé an méid a bhí in a anam agus d'fhág sé an t-eallach san áit a bhfuair sé iad. Níor luaithe a bhí sin déanta aige na d'imthigh an crann agus ní rabh fhios aige faoi Dhia cá deachaidh sé. D'imthigh sé leis na bhaile gan a dhath goidte leis agus ón lá sin amach níor ghoid sé an darna rud.

Bhí fear ann uair agus bhí sé na chomhnuidhe amuigh ins na cnuic. Bhí a athair agus a mháthair beo agus bhí seisean istigh ag tabhairt aire dóbhtha. Bhí siad iongantach bocht agus théidheadh an stóchach amach achan oidhche agus ghoideadh sé caora fá choinne an t-athair agus an mháthair a chongbhail beo. Fá dheireadh, d'éirigh siad comh lag agus nach rabh siad ábalta siubhal agus bhí eagla air go dtuitfeadh siad sa teinidh. Ní rabh mórán faill aige annsin an chuid mhór gaduidheachta a dheánamh. Rinn sé smaoiteadh agus fuair sé léighead ar an sgéal. Rinn sé dhá chliabhan dóbhtha agus chuir sé an t-athair i gceann acu agus an mháthair ins an cheann eile agus d'fhág sé ceann ar gach taoibh de'n teinidh. Annsin cheangail sé

(continues on next page)
Informant
Séarlus Ó Dubhthaigh
Gender
male
Age
60
Address
Annagary, Co. Donegal
Language
Irish