Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rópa idir an dá chliabhán agus bhí an t-athair ábalta an mháthair a bhogadh agus an mháthair ábalta an t-athair a bhogadh.
Bhí aige le ghabhail trasna abhna achan oidhche le fagháil fhad leis an áit a rabh sé ag gaduidheacht. Oidhche amháin nuair a bhí sé ag gabhail trasna na h-abhna chonnaic sé scaifte fear na suidhe ar choiscéimeacha na h-abhna, iad uilig tárnocht agus baca mór ag gach duine acu. D’fhiafruigh sé cad chuige a rabh siad na suidhe annsin. Dubhairt siad go dtearn siad an oiread sin uilc ar an tsaoghal seo, gur chur Dia araist iad le breitheamhnas aithrighe a dhéanamh agus go gcaithfeadh siad suidhe ins an áit a rabh siad go bhfásadh duilleógaí ar an bataí a bhí acu. Dubhairt an stócach go drearn sé fhéin oiread uilc ar an tsaoghal seo agus go rabh sé go maith aige suidhe ina gcuideachta. Fuair sé bata tharraing de a chuid éadaigh agus shuidhe sé ina gcuideachta.
Comh luath agus rinn sé sin d’fhás duilleógaí ar na bataí uilig. D’éirigh na fir le h-imtheacht go dtí an saoghal eile agus bhí an bacach ag gabháil leo. Ní dheachaidh siad i bhfad go dtainic aingeal chuca le iad a thabhairt na bhflaithis. Bhí an bacach ag gabhai leo na bhflaithis ach dubhairt an t-aingeal go gcaithfeadh seisean fanacht sa bhaile agus aire a thabhairt da na athair agus do na mháthair. Chuaidh sé na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séarlus Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall