Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Níor labhaireadh a thuilleadh fa dtaobh de’n gasúr, agus shuidh bruadar ag n-a dhinnéar.
Nuair a mhuscail an stócach sé an chead rud a d’fhiafruigh sé na rabh an long annsin go fóill.
“Tá” arsa carán “agus béidh go cionn seachtmaine, na ní fhuil mé ach indiaidh bheith thíos aicí, agus bhí an Chaiptín agi innse domh nach mbheadh sí i n-dán seól i-iomcar go ceann seachtmhaine ar a laighead Mar go bhfhuil na crainn seoil lé cóireadh agus lón lé cur inntí”.
D’fhiafruigh sé do’n ghasúr annsin cia ‘rbh ‘as a dtainic sé, no raibh daoine muinteardha a bith leis. D’innis an stócach iomlán na sceile dó, agus dubhairt nach raibh tír nó talaimh, athair no mathair aige, agus go gcaithfeadh sé a shaoghal a bhaint amach. Cia bith tír a shroicfeadh an long.
“Tá cead fáilte agat fanacht annseo go mbéidh an long réidh le h-imtheacht” arsa Caran. “agus béidh mo mhac annseo mar chompánach agat”. Tug an stócach buidheachas dó agus dubhairt go bhfhaneochadh se cinnte agus go mbéadh sport maith aca a mbeirt, “no” ar seisean. “Is fearr liom go mór, fanacht annseo, no thíos ag an muinntir eile.
Bhí go maith, a’s ní rabh go h-olc, d’fan an stocach ag Caran, agus bhí spórt maith aige féin agus bruadar ag imirt cleasanna lútha ‘sna pairceannaí nó ag súgradh le cuid pheataí bhruadhar.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín Doire Thoirc, Co. Donegal