Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lá thar na bharach indiaidh an stócach theacht ‘un tigh, bhí Carán agus a mhac ag cainnt air.
“Athair arsa bruadair “Ní thomhaisfeá cáidé bhí mé smaoitheamh air”.
“Caide” ars’n t-athair.
“Tá” arsa bruadar “gur chóir duit iarraidh ar an ghasúr choimhthigheach fanacht againne níos mó. Tá na gasraí eile a mó bhualadh ar an sgoil, agus cuideochaidh seisean liomsa”.
“Bhal go díreach” arsa Carán “tá oiread saidhbhreas agam-sa a’s dheánfas sibh bhur mbeirt, rith bhur saoghal agus tá mé cinnte go mbéidh sé ina chompánach maith agat-sa. Ach ní iarfaimid air fanacht go dtí’n lá sul i n-imthigh an long. Béidh dúil níos fearr aige san áit seo annsin”.
“Maith go leór” arsa bruadair agus fágadh an scéal mar sin.
An lá sul ar imthigh an long, bhí Carán agus an stócach amuigh ‘na suidhe ar an t-suidheacha t-shamhraidh a bhí san ubhallghort taobh toir de’n teach.
Ba ro-bhréagh an lá é, an grian ag soillsuighadh ó spéir ghorm ghlan. Ceól na n-éan lé cluinstean ar gach taobh an ghaoth ag bógad go cuín, ciúin fríd na crainn , a bhí ag cromadh léis an mhéid ubhal a bhí orrtha. Leothnaí boga ag teacht andeas, agus boladh cumhra na mblath leo, ón tír a mbhionn sé na samhradh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall