School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an fathach ina chodladh agus a chrann ar ghlúin ingean a’ ríogh.
léim an gaduidhe amach as an bhád agus d’imthigh leis a’ tarraingt ar theach an fhathaigh. Nuair a bhain sé an teach amach bhí an fathach ina chodladh mar dubhairt an fear a raibh an fios aige. Thoisigh an gaduidhe a ghoid ingean a’ ríogh, giota beag anois agus giota beag arais agus a’ cur éadaigh isteach ina háit go bhfuair sé leis í. D’imthigh sé fhéin agus ingean a’ ríogh a’ tarraingt ar a’ bhád. Chuaidh siad uilig ar bórd annsin ags thug siad a n-aghaidh ar Éirinn.
Ní theachaidh siad i bhfad go bhfacaidh siad an fathach a’ tarraingt ortha sa spéir ina chraos teineadh. “Anois,” arsa fear a’ fis le fear a’ ghunna, “sé do sheal-sa a theacht anois agus amharc goidé thig leat a dhéanamh; tá ball faoi’n ascaill chlí agus mar’ mbuailidh tú an ball ní bheidh tú ábalta é a mharbhadh agus cuirfidh sé muid uilig go tóin na fairrge”
Chaith fear a’ ghunna é fhéin ar shlait chúil a chinn agus nuair a thainic an fathach os os a chionn scaoil sé leis. Bhuail sé an ball agus thuit an fathach anuas ar a’ tsoitheach agus scoilt sé í ó chionn go cionn. Ins an bhomaite tharraing an saor-adhmaid amach a chasúr, bhuail sé buille thall agus i bhfus uirthí agus rinne sé(continues on next page)- Informant
- Paidí Ac Cumhaill
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Bun an Bhaic, Co. Donegal