School: Mín na Mánrach

Location:
Meenamarragh, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne

Filter stories

Back
/ 168 Forward
Resolution: Low | High
Mín na Mánrach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 85

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

i chomh maith agus bhí sí ariamh.
D'imthigh siad leobhtha a' tarraingt ar Éirinn agus thainic siad i dtír faoi theach a n-áthara agus nuair a chuaidh siad 'un toighe bhí luthghair mór romhpa.
Bhí siad a gabhail thart fa'n áit ar feadh cúpla lá go bhfeicfeadh siad an dtiocfadh leobhtha socrú eadtorra fhéin ce'n fear de'n cheathrar a ba chóir an bhean a fhághail. Ní bheadh a fhios aca an raibh sí ann ach ab é an fear a raibh an fios aige; ní bheadh siad ábalta a ghabhail ann ach ab é an saor-adhmaid; ní bheadh siad ábalta í a thabhairt leo ach ab é an gaduidhe, agus bheadh siad marbh uilig ach ab é fear a' ghunna. Thug siad don fhear a ba sine í le honóir.
Samhain 1935

Paidí Ach Cumhaill, Bun a' Bhaic, Croich Shlíghe, Tírchonaill a d'innis an scéal seo. Chualaidh sé an scéal ag n-a athair.

Informant
Paidí Ac Cumhaill
Gender
male
Age
60
Address
Bunawack, Co. Donegal
Language
Irish