School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)culaith éadaigh fa chionn bliadhna.”
Annsin chuaidh ach a’n fear a bhealach fhéin. Ní theachaidh an fear a ba sine i bhfad go bhfacaidh sé fear istoigh i bpáirc ag taobh a’ bhealaigh mhóir agus é ag cruinnuighadh giotaí beaga adhmad fa choinne carr a dheánamh. Chuir sé ceist ar mhac a’ ríogh goidé bhí sé a dh’iarraidh. Dubhairt mac a’ ríogh go raibh sé ag iarraidh fastóidh. “Fan,” arsa’n fear, “go ndeánaidh mise carr agus annsin dheánfaidh mé tú a fastódh”
“ní thiocfadh liomsa fanacht an fad sin,” arsa mac a ríogh
“Ní bhéidh mé bomaite,” arsa’n saor-adhmaid. Sheasuigh mac a’ríogh agus fá chionn cupla bomaite bhí an carr deánta ag an tsaor-adhmaid a ba deise a chonnaic mac a’ ríogh ariamh. Annsin chuir sé ceist ar mhac a’ ríogh goidé an tuarastal a bhí sé a dh’iarraidh. Dubhairt an stócach gur fiche punt agus culaith éadaigh fa chionn bliadhna agus lae.
“Ní thabhairfidh mise sin duit,” arsa ‘n fear, “ach bheirfidh mé deich bpunta duit agus posta – tú bheith ar an tsaor-adhmaid is fearr ar an domhan.” Dubhairt an stócach go ndeánfadh sin gnoithe agus chuaidh sé leis an tsaor-adhmaid
Ní theachaidh an dara fear i bhfad gur casadh fear ar agus é ina rith ag tarraingt(continues on next page)- Informant
- Paidí Ac Cumhaill
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Bun an Bhaic, Co. Donegal