School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 70
- XML “Iníon Rí na Fraince”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rí daobhtha. Níor luaithe a smaoitigh siad ar seo na rinne siad é. Bhí siad mar bhéadh daoine uaisle ann. Thiocfadh leo ‘gabhail amach agus a theacht isteach achan am a mbéadh dúil aca ann, agus bhí a sáith le hithe aca i gcomhnuidhe.
Sa deireadh thug bunadh an toighe fa dear nach rabh siad ag tabhairt bídh ar bith isteach ins an tseomra ina rabh siad ag codhladh; agus bhí iongantas ortha goidé’n dóigh a rabh siad beo. Shíl siad gurbh’é an rud a bhí siad ag fághail a gcodach nuair a téigheadh siad amach, agus níor thaitin sin leo.
Lá amháin, nuair a bhí siad amuigh smaoitigh bean an toighe go bhfuigeadh sí amach goidé’n gléas beo a bhí ortha. D’fhosgail sí doras an tseomra agus chuaidh isteach. Bhí an t-arán, an cnámh, agus an buideal ‘na suidhe ar an tábla, agus thug sí léithe iad. Nuair a thainig an triúr a bhí amuigh isteach ní rabh a dhath fa na gcoinne.
Chuir siad ceist ar bhean an toighe goidé d’éirigh do’n bhiadh a bhí san tseomra, ach mhionnuigh sise go dubh ‘s go bán nach bhfacaidh sí aon amharc air, agus ar a heolas nach dteachaidh aon duine a chomhair an tseomra ó d’imthigh siad. Bhí siad comh holc anois agus bhí siad i dtús báire, agus ní rabh aca le deánamh ach a ghabhail ar lorg ingean an ríogh. Shiubhail siad leo rith an lae sin, agus nuair a thainic an oidhche chodhluigh siad comh maith agus thainic leo ag bun crainn go maidin.
Nuair a d’éirigh siad ar maidin ní rabh aon greim le hithe aca ach dornán beag smear dubh a fuair siad ar thom dreasóg a bhí fa ghiota daobhtha; agus leoga níor bhain siad(continues on next page)- Informant
- Paidí Ac Cumhaill
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Address
- Bun an Bhaic, Co. Donegal