School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 69
- XML “Iníon Rí na Fraince”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an rí. Casadh an rí ortha ar an taobh amuigh de’n chaisleán, agus d’fhiafruigh sé daobhtha goidé bhí ag cur buadhartha ortha. Dubhairt an t-Éireannach go dtainic sé fhéin ar fad ar Éirinn ar lorg a ingne, agus dubhairt an Sansanach agus an t-Albanach an rud céadhna.
“Maith sibh” ars’an rí. “ bhail thig libh theacht isteach agus an oidhche anocht a chaitheadh agamsa, agus leanstan do bhur gcuid oibre i mbárach.” Fuair siad neart le hithe, agus annsin taisbeanadh seomra daobhtha ina raibh trí leabhthacha. Chuaidh an triúr a luighe, agus chodhluigh, go rabh an ghrian ‘na suidhe an lá thar na bhárach. D’éirigh siad annsin, cuir ortha a gcuid éadaigh, rinne a mbricfeasta, agus bhí réidh arís le haghaidh an bhóthair. Thainig an rí fhad leo cibe fear aca a gheobhadh a ingean go bhfuigheadh sé í le pósadh. Thug sé builbhín aráin, cnámh ar a raibh giota maith feola, agus buideál uisge-bheatha daobhtha, agus dubhairt leo go dtiocfadh leobhtha bheith ag imtheacht. D’imthigh leo.
I dtráthaibh an mheádhon-lae thainig ocras ortha. Shuidh siad ag bun carraige a dhéanamh a ndinnéara. Ba goirid go dtug siad fa dear da mhéad a raibh siad a ithe de’n arán agus de’n fheoil go rabh siad comh mór agus bhí siad ó thús. Bhí buideal an uisge-bheatha mar a’ gceadhna; nuair a bhí a sáith ólta aca as bhí sé ar fad líonta. Bhí siad ag deánamh go rabh a sáith dóigh ag gabhail a bheith ortha ní ba mo, agus rinne siad dearmad glan do íngin an ríogh. Shocruigh siad seomra a ghlacadh ar an bhaile mhór a ba deise daobhtha , agus a bheith beo ar an bhiadh a thug an(continues on next page)- Informant
- Paidí Ac Cumhaill
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Address
- Bun an Bhaic, Co. Donegal