School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé air agus d'imthigh an bheirt aca siar gur bhain siad na Rosa amach. Bhí cúig chéad punt le fághail ag an té a bheirfeadh suas Séamus Crón no Aodh Bán do na saighdiúraí, beo no marbh.
Thainic cloigeann is fiche saighdiúr anuas as Dún na nGall fa choinne muintir Uaighe a ruaigeadh amach as an oileán. Nuair a thainic siad fhad le Gort na Saighead ní raibh bád ar bith annsin le n-a dtabhairt isteach 'un oileáin. Chaith siad tamall annsin ag gabhail thart ag deánamh spoirt daobhtha fhéin agus nuair a bhain siad dúil (?) do bhád a fhághail thug siad a n-aghaidh ar an bhaile.
Thárluigh sé an lá céadna go raibh Aodh Bán istoigh an a' Chruit ar a sheachnadh. Fuair sé a shúil ar na saighiúraí agus luigh sé i gcúl carraige rompa. Thainic na saighdiúraí aníos an tráigh agus iad ar a mbealach go Dún na nGall. Scaoil sé leobhtha agus mharbhuigh sé triúr aca leis an chead urchar, mharbhuigh sé ceathrar leis an dara agus leis an tríomhadh hurchar. Bhí Séamus ag iascaireacht ar Loch na bhFathach i mbéal na Cruite agus nuair a chuaidh an tuaragan bhí a fhios aige gurbh é Aodh a bhí ag scaoileadh agus tharraing sé air agus mharbhuigh Séamus a fear deireannach aca ag Oileán na gConrach. Na dhiaidh sin chuaidh Aodh suas 'na bhaile agus chuaidh Séamus leis agus níor chualaidh mé(continues on next page)- Informant
- Séamus Ó Rabartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Catha, Co. Donegal