School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)b'eigean do Aodh agus do Séamus snámh 'un na Cruite. Thoisigh Séamus a thabhairt suas ar a' bhealach agus d'iomchair Aodh ar a dhruim go talamh é
Bhí baicle siaghdiúr thoir fa Chaisleán na dTuath agus bhí an captaoin Cuinneagain ina cheannphort ortha. Mhionnaigh Séamus nachbhfuigheadh sé bás a choidhche go mbeadh cúiteamh as na Sasanaigh aige ar mharbhadh a mháthara. Níor stad Aodh agus Séamus go raibh siad thoir i gCoc na dTuath dúil go bhfuigeadh siad cúiteamh a bhaint amach.
Lá amháin chonnaic siad an captaoin agus an giomanach ag gabhail síos an tráigh ag tarraingt ar na hÁirde ar dhruim beathach. Lean siad iad. Bhí dhá bhealach aca le pilleadh agus ní raibh a fhios aca cé aca de'n dá bhealach bheadh leobhtha teacht arais daobhtha. Leis an rud a dheánamh cinnte chuaidh Aodh bealach amháin agus chuaidh Séamus an bealach eile. Thárlaigh sé gur phill an captaoin agus an giománach ar an bhealach a raibh Aodh Bán air. Scaoil Aodh leis an chaptaoin agus mharbhuigh sé é fhéin agus an beathach. Bhí eagla air annsin go ndeánfadh an giománach scéala air agus cheangail sé a chosa agus a lámha da chéile agus d'fhág annsin é. Nuair a chualaidh Séamus tuaragan na n-urchar tharraing(continues on next page)- Informant
- Séamus Ó Rabartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Catha, Co. Donegal