Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 027
- XML “Arán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)déanta, chuirfidhe isteach i g’criathar é - Sin rud ata deanta cosamhail lé ridéal, ach gó bé iad fhéin a dheanamh é. Chuirfidhe cnoiceann caorach a bheadh feoidhte ar a bhun agus phollfaidh é lé méanaí, annsin chuirfidhe giota beag adhmaidh thart ar na taobheann aí.
Chuirfidhe isteach annsin an mhín, nuair a bheadh sí déanta agus chraithfidhe súas an chriath ar, agus thuitfeadh an mhín trid, ach dfaneocadh an cháid ar a bhun. Bhéarfaidh an cháidh dé na céarca agus dheanfaidh aran de’n mhín no corr-uair brachan. Dheanfaidh an mhín ar na cnuic i n’gan-fios. Tá ait ar an chnuc so-gainne a rabhfar ag deanamh agus fuair an ait a ainm uaidh. “Polann na Brona” a bheirtear air. Ach nuair a bheadh a mhín déanta se an doigh a n’deanfaidh an t’aran.
Cuirfidhe an mhín isteach i scála agus chaithfidhe stéall uisge ann, annsin mheasceóchaidh suas lé spanóig e, gó gcrúaidheochaidh é. Nuair a bheadh an oiread sin deanta chraithfidh gráinín míne ar chlár, nó corr-uair ar an tábla agus thionnteochaidh amach an coirtín. Annsin léitheadeochaidh amach é gó dtí nach mbeadh sé bordaí leath-orlach ar doimhne. Na dhiaidh sin chuirfidhe iarann an aráin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Duibheannaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Donegal