Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 028
- XML “Arán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na shéasamh ar aghaidh na teineadh agus chuirfidhe an t’aran air. Corr-uáir dheanfaidh cearnóg mhór de agus corr uair dheanfaidh cruinneóg mhór dé. Núair a bheadh an toirtín bruidhte, thogfaidhe é agus d’fhagfaidhe i n’áit éigin é gó bhfuareochadh sé. As núair a thiocfadh am tae, shílfeadh lucht an toighe gur báinís a bheadh acú. Déantar an cíneal sin arán i n’áiteacha i n’Eirinn gó foill gó mór mhór i d’Tír Chonnaill, ach nach n’dhéan siad fhéin an t’adhbhar.
(2)
Bhí cupla doigh éile fosta ag na daoiní i bhfad o’shoin lé h-arán a dheanfadh. Dhéanfaidhe aran preataí agus bocstaí. Sé an doigh a n’deanfaidhe an t’arán preataí. “Ar dtús bhruithfidhe potá maith préataí agus nuair a bhiodh siad bhruidhte, ghlánfaidhe iad, annsin shúachfidhe súas iad agus chuirfidhe grainín pluir ortha. Annsin chuirfidhe amach ar chlár é fosta agus leitheadeochaidh amach é. Na dhiaidh sin ghearrfaidh suas na ghiotaí beaga agus chuirfidhe ar an oighin é. Nuair a bheadh taoibh amhain de bruidhte thionnteochaidh é gó mbruithfidh an taobh eile de. As nuair a bhí an taobh sin bruidhte bhí an t’aran reidh le h-ithe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Duibheannaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Dhún na nGall