School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 88

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 88

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 88
  3. XML “An Mhuc Allta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Dubhairt fear an toighe go gcaithfeadh sé a gabhail amárach go bhfeicfeadh sé na páistidhe deasa leis na “necklace” ann a óir agus airgid. “Níl fhios agham cá mbeithfeá a gabhail” arsa’n bhean. Bhí sí ag fás mí-shuaimhneach anois nó bhí fhios aicí go fíor maith gurab iad na páistidhe ‘s aige fhéin a bhí ann. Níor chodhlaidh sí moran an oidhche sin agus ar maidin lathar na bharach níor stad sí go rabh sí ag cailleach na gcearc. D’innis sí an scéal dó chailleach na gcearc agus d’iarr a comhairle.
    “Gabh abhaile” arsa cailleach na gcearc agus leig ort go bhfuil tú a fághail bháis. Abair nach ndeánfaidh dadaidh biseach dhuit acht croidhe an “Mhuc Alt” (croidhe na Muice)
    Chuaidh sí abhaile agus chuaidh a luighe. Leig sí oirthí go rabh sí an tinn agus go rabh an bás aicí. D’fiafruigh an fear dí caidé deánfadh biseach dí. Dubhairt sí nach ndeánfadh rud ar bith ar an domhain biseach duithe acht croidhe an “Mhuc Alt”.
    Bhí go maith as ní rabh go h-olc an tráthnóna ceadna sin labhair an Mhuc Alt leis an triúr páistidhe. Dubhairt sí leobhtha go rabh sise le marbhadh amárach.
    Caitfidh sibhse imtheacht ar sí. Rinne sí bunnóg min choirce agus mearg le na cuid fola fhéin í, agus arsa sise “Ar maidin amárach gabhaigidh síos go béal na tuinne. Gheobhaidh sibh trí maide annsin agus rachaidh sibh amach ar na maidí ar an fhairrge mhór. Tcidhfidh sibh lung agus tógfaidh an lung sibh, agus nuair a thiocfas sibh fhad le oilean tcidhfidh sibh fathach mór ‘na sheasam ar an oilean.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0707: The Three Golden Sons
    Language
    Irish
    Informant
    Máire (Seán) Ó Beirn
    Gender
    Female
    Age
    54
    Address
    Málainn Bhig, Co. Donegal