School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 70

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 70

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 70
  3. XML “An Táilliúr Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    suaimhneas ‘san uaigh go ndeánfaidh me dhá leath chothrom amuigh agus istoigh idir mo dhá mhac agus ma tá spunóg chorr ann -í a’ chaitheadh in aghaidh an dainseara. Nuair atá sin deánta ní fheicfear mise níos mó.
    “An bhfuil sib hag éisteacht le sin” arsa’n tailliúr. Tá cinnte arsa siad san. Tá arsa fear an toighe agus caithfear sin uilig a deánamh. Rinne gach rud mar d’iarradh ortha, go fiú an spunóg chorr agus caitheadh in aghaidh an chontabhairt é. “Bal” Nuair a chuaidh an tailliúr ‘na bhaile chuir sé críocnughadh ar culaith an fhir.
    Nuair a bhí sé réidh aige - “Seo dhuit anois arsa seisean sin do culaith aghat agus is doiligh rádh nach bhfuil oiread airgid agat anois agus dhiolfas mise ar son i dheánamh. “Seo dhuit arsa fear an toighe”. “Seo céad punta agat agus fágfaidh mise an teach seo agat le fanacht ann” agus d’fág se an sciobal ag an táilliúr siubhail fhad a’s bhí sé beó.
    Ar maidin lathar na bharach d’imthigh mac na baintrighe, a bhean agus a mhuirghin le comhnuidhe ‘sa chaisleán agus ní rabh sé i n-anas culaith éadaigh ón lá sin go dtí lá indiú.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1536A: The Woman in the Chest
    Language
    Irish
    Informant
    Cathal Ó Cuinneagáin
    Gender
    Male
    Age
    53
    Address
    Málainn Mhóir, Co. Donegal