School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 7

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 7

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 7
  3. XML “An Fear Beag Tarnochta a Bhí ag Bualadh an Choirce”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cochain buailte do na ba. An darma h-oidhche chualaidh siad an tarman aráis arís acht ní rabh misneach go leor ag bean Hamilton dul amach leithe fhéin go bhfeicfeadh sí cia bhí ag obair daobhtha. Chuaidh seo ar aghaidh gach eile oidhche go dtí go rabh sé féin ábulta siubhal, agus chuir sé roimhe féin go bhfeicfeadh sé cia bhí ag bualadh an choirce. Thainic an oidhche agus mar ba gnathach an uile oidhche eile thosaigh an tarman sa sciobal. Chuaidh Hamilton amach agus suas an dreimire go fadalach. Bhleasg sé isteach ar poll beag i ndoras an sciobal agus goidé [tcí]? sé acht fear beag tarnochta ag obair go dicheallach. Anuas leis go socair arais arís agus d’innis an sceal dó’n mhnaoi.
    Shocruigh siad eatorra féin an oidhche sin go rabh sé beag go leor acu culaith beag éadaigh a dhéanamh do’n fhear beag seo a chuiduigh leobhtha comh maith agus rinne sé. Rinne an bhean an culaith agus an trathnona a chríochnuigh sí í dfág an fear sa sciobál í. D’eist siad an oidhche sin le tarman an fir bheag ag bualadh mar ba ghnathach, acht in áit sin chualaidh siad scread uathbhasach uaid. Rith siad amach go bhfeiceadh siad goide bhí cearr agus chonnaic siad an fear beag ag reachaidh agus é ag sgairtigh amach “Fuair mé mo thuarastál agus chaithfidh me bheith ag imtheacht”. Fuair mé mo thuarastál agus caithfidh mé bheith ag imtheacht”.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Anna Morra
    Gender
    Female
    Age
    75
    Address
    Málainn Mhóir, Co. Donegal