School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "An fear ar chuidigh na Daoine Maithe leis"Bhí muirghín Gallda de na "Walkers" 'na gcomhnuidhe i Málainn mhór fad o shoin. Bhí ceathrar deárbhrathar aca ann.
An fear ar b'ainm de "Nathaniel" (nó "Net" mar bheireadh bunadh an bhaile air marainm goirid) bhí seisean ina chomnuidhe i lár an bhaile agus bhí se sonnsuigheach go rabh an fear seo i gcomhnuidhe níor raibhbhre nó a chuid comhursan, aindeóin, go rabh oiread talaimh, agus stoic aca féin agus bhí aige - san agus d'oibbriughadh siad níor cruaidhe nó é fosta.
Lá amháin, nuair a bhí "Net" ina sheanduine d'innis sé rún a chuid saidhbhris dó fhear de na comhursanaibh, agus seo é an scéal :-
Badh ghnáthach le "Net" dul amach gach eile thrátnóna fríd a chuid mgilte, a bhí air bhruach na farraige, le h-amharc a thabhairt ar a chuid caorach, agus na beithidhigh eallaigh óga a bhí ag ingilt ann. Trátnóna amháin ins an Fhoghmhar bhí sé ag dul amach mar badh ghnathach, agus nuair a bhí sé comhgharach de "Locht-na-Súiaigh" chonaic sé an sgaifte gasúr beaga - cóirighthe in éideah dearg, agus iad ag imirt ar ardán beag, 'taobh shuas do'n loch. Bhí gasúr beag amhain ina imeasg nach rabh stoca a bith air, agus nuair a thainig Nét abhaile d'innis sé an scéal dó a mhathair agus d'arr oirthí péire beag stocaí dearga a deánamh dón gasúr nach rabh aon chionn air. Rinne sí seo, agus lá-thar-na bharach, nuair a bhí sé ag dul amach ag amharc ar a chuid caorach, d'fág sé an péire beaga stocaí(continues on next page)- Informant
- Mícheál Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal