School: Cill Bhriain, Béal na Molt (roll number 11890)

Location:
Kilbryan Lower, Co. Waterford
Teacher:
Tomás de Bhál
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0646, Page 285

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0646, Page 285

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Bhriain, Béal na Molt
  2. XML Page 285
  3. XML “Scéilín ar an Murúch”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí buachaill breágh dathúil na chomhnaidhe im baile an bhaoghill fadó riamh.
    Ba béas leis éirighe go doith ar maidin gach domhnach agus duil go dtí an chéad aifreann. Nuair a thagadh sé abhaile annsan thugadh sé tamall de’n lá ag ádbheireacht ar fhaillteacha na fairrige.
    Domhnach áiridthe (áirithe) agus é ar barra faille mar sin, do chonnaic sé uaidh síos ‘na suidhe ar chloich an bhean ba bhreághtha dar luigh súil duine riamh uirthe. Bhí ceann breágh fionn-ruadh gruaige uirthe go raibh scáil an óir ins gach dlaoí dí, agus í ag sileadh síos léi go talamh. A cíoradh a cinn fe-n ngriana bhí sí agus ní raibh a fhios ag an óigh-fhear chérbh í ná carbh as í, mar ‘sé a drom a bhí leis; agus in a fochair bhí brat draoidheachta timcheall uirthe.
    Déin sé síos fe na déin, mar ba mhinic a chualaidh sé tracht ar murbhach agus nach fuláir nó gurb í bhí ann. D’éaluigh sé ar barraibh a chos laistiar dí agus sciobh sé an brat draoidheachta d’a slinneánáibh anuas.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Scelton
    Gender
    Male
    Address
    Ballynamult, Co. Waterford
    Informant
    Labrás Ó Cadhla
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Address
    Ballynamult, Co. Waterford