School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 008

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 008

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 008
  3. XML “Naomh Déaglán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ná na muca a chur isteach i dtigh agus chuir sé Deaglán ibhfeighilt na bpreachán. Bhí san go maith acht nuair a bhíodar go léir imighthe níor dhein Deaglán acht na preacháin go léir a thiomáint isteach i mbothán a bhí ann agus an doras a dhúnadh ortha. Agus d'imthigh sé leis go dtí na ráiseanna chómh maith le duine.
    Nuair a chonnaic an maighistir ag na ráiseanna é tháinig olc agus buile air. D'iarr sé dhe an mar sin a bhí a'bhfeighilt na bpreachán agus dubhairt Deaglán leis go raibh na preacháin go léir istigh sa mbothán aige. Níor dhein an maighisitir acht draid a chur air féin. D'fhág sé páirc na ráiseanna agus chuaidh sé go páirc an t-síl. Ní raibh aon phreachán ann, Chuaidh sé go dtí an bothán agus chonnaic sé na preachán go leir bailighthe istigh ann agus leis an iongantas níor fhág sé iad gan bacaint leó acht coiméad sé a shúil ar an bpáirc agus ar an sean-thigh go bhfaca sé an garsún an oidhche deadheannach ag déanamh ar an doras agus a dtiomáint amach.
    D'airigheas le linn Naomh Pádruig a theacht go h-Éirinn go raibh Naomh Deaglán ann roimhe agus gur teangigheadar le na chéile lá agus ins an seanchas dóibh gur chas Naomh Deaglán le Naomh Pádruig gur beannuighthe d'fear é féin ná Pádruig. Oidhche an lae sin labhair an guth leis agus dubhairt an guth leis gan raist a dheanamh acht dul agus leath-sgéal Pádruig a ghóbhailt agus dhein Deaglán é.

    * * *

    Árd Mhór, an Clais Mhór agus an Ghráinseach trí áit nár bheannaigh Naomh Pádruigh - ( sean rádh )
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish