Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Calraighe
- XML Leathanach 132
- XML (gan teideal)
- XML “Paidir Coigilte na Tineadh”
- XML “Míniú ar an Seanfhocal seo - Nuair Is Cruaidh don Chailligh Déanfaidh sí Seanrith”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ceathrar Sagart gan a bheith sanntach
Ceathrar Gadhantag (Joynt) gan a bheith buidhe
Ceathrar gréasaidhe gan a bheith bréagach
Agus sin daréag nach bhfuighthea idtír.Roc, Rón, is Rounach na trí éisg is mire. - Coiglim-se an teinidh seo mar a choigleanns cách
Brighid ina bun is Muire ina bárr
An dá aingeal(aspél?) déag atá I bhFlaitheas na nGrás
Tabhair aire don tigh seo is a bhfuil ann go lá - Fuair fear ar an mbaile bás agus chuir sé crannas (ar gheasa?) beart de na croíchinigh(?) a chur faoin a cheann.
Bhí bheirt fhear eile ar an mbaile agus sé bhí ionnta gaduidhthe caorach agus d'imthig siad an oidhche a cuireadh an fear ag goid caorach. Bhí siad ag dul thart le Roilig, áit a cuireadh an fear agus dubhairt fear aca leis an bhfear eile go mba ceart dóibh dhul isteach agus na croichínig seo a thógáil amach as faoi chloigeann an fhir. Dubhairt fear aca go ngabhfadh sé fhéin isteach agus dubhairt an fear eile go ngoidfeadh sé féin an caora.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig S. Ó Baráin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Bríghid Bean Phat Bhán 'Ac Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo