Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Calraighe
- XML Leathanach 15
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an geata leis, agus dubhairt sé, Oidhche bhréagh iseadh sé. Acht d'imthigh sé agus shroich sé lonach ar chaoí ar bith. Cúpla lá indhiaidh sin, chuaidh an fear chéadhna as Gleanncalraighe amach go dtí lonach. Droch-oidhche a beadh é agus nuair a bhí sé ag dul abhaile, dubhairt sé nach uathbhásach an oidhche ag dul amach, agus dubhairt an b fear eile, Ó oidhche bhréagh iseadh sé. Nuair a bhí sé ag dul abhaile, cailleadh é ins na sléibhte.
- Sgéal. Bhí daoine ina gcomhnuidhe san áit seo fadó. Bhí teach cinn tuighe acú bhí a lán féar ag fás thuas ar bárr an tíghe, agus bhí siad ró-leisceamhail chun tuighe nua a chur air. Sa deireadh chuimhnigh siad ar sheift. Bhí capaill ag an bhfear seo. Dubhairt sé go gcuirfadh sé an capall thuas ar bhárr an tíghe go n-ithfeadh sé an féar. Acht ní raibh sé ábálta, agus céard a rinne sé, acht an cheann a ghearradh d'én chapaill, Annsin chaith sé suas ar bhárr an thíghe. Annsin ní raibh an féar ithte, na ní raibh a capaill aige.
- Bailitheoir
- Áine Nich an Chloinsigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seoirse Mac an Cloinsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Bhí fear í mbéal Dearg Fadó, darb' ainm Pádraig Ó Caindreadh. Aon lá amháin dubhairt sé léna bhean. Anois ar seisean. Caithfimíd ar n-airgead go léir a choinneál chun muc a cheannacth. Atht dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)