Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Calraighe
- XML Leathanach 130
- XML “Nósanna a Chleachtaítear Anseo Nuair a Bhíonns Tórramh sa Teach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus tar éis don sagart an cré a chaitheadh ar an gcomhrainn agus arís nuair a bhíonns an fód deire curtha ar an uaigh.Roinntear amach píopai, tobac (agus le deidheanaighe toitíní (?) ) ar na daoine biodh 'sa (?) bhfuil siad ag caitheamh no nach bhfuil. Deirtear nuair a tógtar an píopa cré:
"Go ndéánaidh Dia trócaire ar a (h-) anam, agus ar anamachaibh bhur muinntire uilig" (Is ceart an píopa a lasadh agus annsin "Tá brón mór orm faoi do bhris."Déantar tae chomh maith agus fáhann gach duine béile.Pógtar éadan fuar an mharbháin díreach sar a chuirtear an clár ar an gcomhrainn. Díreach sara tosnuightear ar an socraid tógtar an chomhra amach agus leagtar ar dhá cathaoir í nó dhá stól. Craithtear uisge coisreagthan ar an gcomhrainn agus ar na daoine - agus téíghtear thart leis an ngréin agus an t-uisge coisrieagthan dá chraitheadh. Annsin glaoidhtear ar cheathrar den t-sloinneadh céadna leis an marbhán chun an chomhra d'iomchur. Árduightear an chomhra agus tagann fear eile agus iompuigheann sé an dá stol isteach chun a céile. Sé an fáth atá leis sin ná: deirtear muna leagtar na stoil ar an doigh sin go leagfar comhra eile (?) gan mhoill ie. (?) go bhfuighidh duine eile den clanne báis go luath.Ní téightear ar an aithghiorra ariamh le socraid agus tugann gach duine a chasanns ar an socraid trí coiscéamanna na trócaire.