Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)

Suíomh:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Nóra Ní Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 133

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 133

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Calraighe
  2. XML Leathanach 133
  3. XML “Míniú ar an Seanfhocal seo - Nuair Is Cruaidh don Chailligh Déanfaidh sí Seanrith”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An fear a chuaidh isteach sa Roilig thóg sé leis na croíchinigh go teach an phobail, agus bhí sé ghá n-ithe ag an altóir.
    Bhí an sagart ag dul thart ó theach go teach ag éisteach ag bhíodh cléireach leis. Théigheadh an cléireach thart agus d'fhanudh sé i dteach na h-éisteachta an oidhche roimh ré. Ní raibh sa teach seo ach sean-bhean bacach nar chuir cos fuithe le seacht mbliadhna roimhe sin agus triúr buachaill. Rinne an cléireach dearmhad ar a phaidrín. D'fhág sé ag an altóir sa séipéal é áit a bhí sé ag guidhe an lá roimhe sin. Dubhairt duine de na buachaillibh go rachadh sé féin faoi dhéin an paidrín agus chuaidh. Nuar a chuaidh sé go dtí teach an phobail bhí sé ag déanamh ar an altóir nuair a mhothuigh sé an cangailt agus an casgairt ag an bhfear a thóg leis na croichinigh agus cheap sé gur bé an diabhal féin a bhí ann. Chuaidh sé abhaile annsin ag reathaighe (ag dul ar cos in-áirde) agus dubhairt sé go raibh rud eicint i dteach an phobail. Dubhairt siad ansan leis an dara fear a dhul amach faoi dhéin an phaidrín agus chuaidh. Ní deachaidh seisean leath bhealaigh suas nuair a fhill sé féin agus an sgéal céadna leis.
    "Faríor géar nach dtig liomsa a dhul" arsan tsean-bhean "agus bhéarfainn féin abhaile é"
    "Ná bíodh sin le ráidht (rádh) agat" arsan buachaill is óige "Bhéarfadh mise ar mo dhruim thú go teach an phobail". Agus thug agus nuair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig S. Ó Baráin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Bríghid Bean Phat Bhán 'Ac Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo