School: Gleann Calraighe (roll number 15864)
- Location:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Nóra Ní Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Calraighe
- XML Page 133
- XML “Míniú ar an Seanfhocal seo - Nuair Is Cruaidh don Chailligh Déanfaidh sí Seanrith”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An fear a chuaidh isteach sa Roilig thóg sé leis na croíchinigh go teach an phobail, agus bhí sé ghá n-ithe ag an altóir.
Bhí an sagart ag dul thart ó theach go teach ag éisteach ag bhíodh cléireach leis. Théigheadh an cléireach thart agus d'fhanudh sé i dteach na h-éisteachta an oidhche roimh ré. Ní raibh sa teach seo ach sean-bhean bacach nar chuir cos fuithe le seacht mbliadhna roimhe sin agus triúr buachaill. Rinne an cléireach dearmhad ar a phaidrín. D'fhág sé ag an altóir sa séipéal é áit a bhí sé ag guidhe an lá roimhe sin. Dubhairt duine de na buachaillibh go rachadh sé féin faoi dhéin an paidrín agus chuaidh. Nuar a chuaidh sé go dtí teach an phobail bhí sé ag déanamh ar an altóir nuair a mhothuigh sé an cangailt agus an casgairt ag an bhfear a thóg leis na croichinigh agus cheap sé gur bé an diabhal féin a bhí ann. Chuaidh sé abhaile annsin ag reathaighe (ag dul ar cos in-áirde) agus dubhairt sé go raibh rud eicint i dteach an phobail. Dubhairt siad ansan leis an dara fear a dhul amach faoi dhéin an phaidrín agus chuaidh. Ní deachaidh seisean leath bhealaigh suas nuair a fhill sé féin agus an sgéal céadna leis.
"Faríor géar nach dtig liomsa a dhul" arsan tsean-bhean "agus bhéarfainn féin abhaile é"
"Ná bíodh sin le ráidht (rádh) agat" arsan buachaill is óige "Bhéarfadh mise ar mo dhruim thú go teach an phobail". Agus thug agus nuair(continues on next page)- Collector
- Pádraig S. Ó Baráin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Bríghid Bean Phat Bhán 'Ac Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo