School: Ceathrú Thaidhg (roll number 15032)

Location:
Carrowteige, Co. Mayo
Teacher:
Pádraig Mag Shamhráin, Pádhraic Ó Gacháin

Filter stories

Back
/ 249a Forward
Resolution: Low | High
An Prionsa a Cuireadh fá Gheasa

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 33

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí rí in Éirinn fadó agus bhí sé pósta agus bhí mac amháin aige tógtha suas ina phrionnsa óg. Téigheadh sé amach ag suibhal dó féin gach lá. An lá seo nuair bhí sé amuich casadh bean leis agus d'fhiafruigh sí de an imreóchadh sé cluiche cardaí nó dísle.
Dubhairt sé leis nach raibh a ghléas imeartha ar an mbaile leis. Dubhairt sise go raibh an gléas léithí féin. Tharraing sí amach slaitín draoidheachta agus rinne sí dhá chathaoireacha óir agus bord airgid agus chaith sí amach paca cardaí ar an mbord. Seárd a bhéas annseo ar sise an chéad duine a chuirfear an cluiche ar an duine eile chuirfeadh sé a geasa nó leigeadh sé dhó.
D'imir síad ó láimh go láimh go dtí an lamh dheiridh agus d'eirigh leis an gcailín an cluiche a chur air. Dubhairt sé leithí a geasa a chur.

(continues on next page)
Collector
Eibhlín Ní Gallchobhair
Gender
female
Address
Curraunboy, Co. Mayo
Informant
Pádhraic Ó Gallchobhair
Relation
parent
Gender
male
Age
56
Address
Curraunboy, Co. Mayo
Language
Irish