School: Ceathrú Thaidhg (roll number 15032)

Location:
Carrowteige, Co. Mayo
Teacher:
Pádraig Mag Shamhráin, Pádhraic Ó Gacháin

Filter stories

Back
/ 249a Forward
Resolution: Low | High
Ceathrú Thaidhg | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 28

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

a chorain í. Dubhairt sé féin nár bheadh agus ní raibh air acht sean-ghiobhlacha agus dubhairt gach duine bhí ? láthair nár bheadh. Annsin tharraing an cailín cupla ribe gruaige aníos ar a póca agus dubhairt sí 'seo é an marc atá agam ort.' Annsin thainic sé an lá ina dhiaidh sin agus é gléasta go maith agus annsin posadh íad agus mhair síad go sona sásta ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin.

Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Domhnall Donn Dearg. Phós sé bean agus sé an t-ainm bhí uirthí lasair gorm dearg. Thainic fathach ar an domhan thoir agus ghoid sé í uaidh. Annsin d'imthigh a fear ar a fairnéir. Bhí sé ag imtheacht go dtáinic

(continues on next page)
Collector
Maghréad Ní Conghaile
Gender
female
Address
Carrownaglogh, Co. Mayo
Informant
Eibhlín Ní Mhaoldhomhnaigh
Gender
female
Age
60
Address
Carrownaglogh, Co. Mayo
Language
Irish