School: Ceathrú Thaidhg (roll number 15032)

Location:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
Teachers:
Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 3

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 3

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Page 3
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rí in Éirinn fadó agus bhí sé pósta, agus bhí truir clainne aige, beirt mhac agus inghean. Fuair a máthair bás nuair a bhí síad óg agus phós an rí ath-uair. Rinne sé grianán aoibhinn áluinn thíos faoi'n talamh dhá chlann sa gcaoí nach mbeadh fhios ag an mbainríoghain óig go raibh sé pósta cheana. Sé an t-ainm bhí ar an inghean ná bosa bárr Gheala. Bhí cion an-mhór ag an rí uirthe agus dubhairt sé léithe theacht 'un na cuíste gach lá faoí dhéin gach sórt rud ba mhaith léithe, nuair bhéadh sé féin agus an bhainríoghan amuich ag siubhal dóbhtha féin. Lá amháin go raibh an rí agus an bhain-rioghan amuich ag siubhal tháinic sinneán gaoithe a leag an bhainríoghan. 'Dia is Muire liom' arsa an bhainrioghan. 'Na raibh Dia ná Muire leat' arsa Cailleach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0511: One‑Eye, Two‑Eyes, Three‑Eyes
    AT0707: The Three Golden Sons
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    An Corrán Buí, Co. Mayo
    Informant
    Padhraic Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    An Corrán Buí, Co. Mayo