School: Ceathrú Thaidhg (roll number 15032)
- Location:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Teachers: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathrú Thaidhg
- XML Page 229
- XML “Tithe etc.”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fad' ó ní bhíodh na tighthe a bhíodh ag na daoine déanta dhe chlocha. Bhíodh siad déanta le sgraitheanna agus fóda. Ní bhíodh fuinneoga ar bith ionta agus ní bhíodh ach doras amháin. Bhíodh poll beag fágtha sa mballa le aer a leigint isteach. Ní bhíodh similéar acú bhíos anois ach poll thuas ar bhárr an tighe ar a dtugtaí poll deataigh.Ní bhíodh seomraí ar bith acu mar atá anois mr bhíodh na tighthe cruinn. Anois tá na tighthe déanta de chlocha agus sglataí. Ins na tighthe cruinne bhíodh an teine i lár an urláir, ach i gcorr-theach bhíodh an teine leath-bealaigh idir dhá choirneal. Bhíodh na h-urláir deanta de leacracha nó de chréafóig.
Eibhlín Ní Craith
Port an Chlumhaigh- Collector
- Eibhlín Nic Craith
- Gender
- Female
- Address
- Portacloy, Co. Mayo
- Informant
- Antaine Mac Craith
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Address
- Portacloy, Co. Mayo