School: Ceathrú Thaidhg (roll number 15032)

Location:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
Teachers:
Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 211

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 211

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Page 211
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí muilneoir ann uair amháin agus bhí sé an-shaidhbhir.

    (continued from previous page)
    D'fhiafruigh an tsean-chailleach dí cé'n trioblóid a bhí uirri. D'innis an bhean óg a sgéal dí. Chuaidh an tsean-chailleadh ag bosca agus thóg amach cláirseach bheag, agus bhuail sí port air agus bhí sí ag dhul dó gur mhúin sí don bhean óig é. "Imthigh leat anois," ars an chailleach, "agus seinm an port sin air agus tiocfaidh d'fhear agat."
    Chuaidh an bhean go dtí an abhann agus thoisigh sí ag seinm, ach níor thainic a fear aici a uair sin. D'imigh sí go dtí an tsean-chailleach aríst, agus thug an chailleach túirne duithe. Dubhairt sí léithe a bheith ag sníomh lá agus oidhche agus a bheith ag gabháil cheoil san am céadna agus go dtiocfadh a fear aici. D'imthigh sí go dtí an abhann agus thoisigh sí ag sníomh agus ag gabháil cheoil. Nuair bhí oidhche agus lá thart thainic a fear aici.
    D'imthigh sí abhaile agus a fear léithe. Lár ar n-a bhárach chuaidh a fear ag seilg arís, agus nuair a thainic sé abhaile bhí clann óg roimhe. Dubhairt sé go gcaitfeadh sé an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0316: The Nix of the Mill‑pond
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Ó Scanláin
    Gender
    Male
    Address
    Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo