School: Ceathrú Thaidhg (roll number 15032)

Location:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
Teachers:
Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 133

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 133

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Page 133
  3. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cuma cén obair, go g-cuirtar a chloigeann síos ins an tobar?
    PEANN
    Biorr iarain agus ruball olann as?
    SNÁTHAD MHÓR, AGUS GREIM SNÁDH AS.
    Teachtaire beag ó theach go teach agus codluigheann sí amuigh san oidhche?
    BÓITHRÍN
    Rud bocht, bocht agus a mhaide faoin ucht, is é ag silt na ndeór go frás?
    AN DORAS LÁ BÁISTIGHE
    Sin é 'sa gclúid é agus dhá chéad súil air?
    CRIATHAR
    Cé mhéid cos ar ocht (ucht) muilt?
    DHÁ CHOIS
    Céard atá níos duibhe ná an fiach dubh?
    A CHUID CLÚMHAIGH.
    Cén mhí is lugha a ghnídheas na mná cainnt?
    MÍ FEABHRA
    Thógfhainn im ghlaic é 's ní cuirfeadh an rí gad air?
    GAINEAMH
    Corcán óir líonta d'fheád duine?
    MÉARACÁN
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bhriain
    Gender
    Female
    Address
    Ceathrú na gCloch, Co. Mayo
    Informant
    Máire Ní Dochartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Ceathrú na gCloch, Co. Mayo