School: Droimslaod (roll number 9898)

Location:
Drumsleed, Co. Mayo
Teacher:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 244

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 244

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Droimslaod
  2. XML Page 244
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Pósaidhte
    Pósann daoine san áit seo ins an Inid agus cuid aca ag an gCásg. Déantar cleamhnas ann agus tugtar airgead agus stoc mar spré. Sul ar déantar an cleamhnas cuireann siad cúntas le duine de muintir an mna ag féachaint an mbeadh fáilte roimhe. Is dá mbeadh tiocfaidh sé go mall san oidhche nuair a bhíonn na comarsana in a gcodladh. Bíonn duine d’a mhuinntir féin leis. Bíonn buidéal uisge beatha leobh agus tabhaireann siad do muinntir a tighe é.
    Socruigheann siad an méid airgid agus stoc a tabharfadh siad dó.
    Ní adhmhail bean a dul amach ag iarraidh fir. Is adhmhail fear a casadh dóibh agus iad ag dul ag posadh acht ní adhmhail bean a casadh leo.
    Bíonn bainis maith aca an oidhche sin agus bíonn feoil agus fatai aca le haghaid an suipéir.
    Bionn cleamaire ann chomh maith. Bíonn gúnai bána orra agus hatai cothain agus bíonn siad gléasta le ribíni daithte. Bíonn fáilte mór rómpa i gcuid de na tighthe agus gheibheann siad deoch ann acht ní leigeann cuid eile de na daoine chor ar bith iad agus ní thabhaireann siad biad na deoc doibh.
    Bíonn maide móra leo agus uaireannta buaileann siad na daoine leo.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Róise Ní Tachair
    Gender
    Female