School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 185
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)éisteacht leis agus nuair a bhí an buachaill ag imtheacht abhaile lean an robála é.Nuair a cheap sé suas leis an buachaill dubhairt sé leis a dul ag marcaigheacht. Fuaidh sé suas ar an chapall go dtainic siad go gleann. Dubhairt an robála leis an buachaill a airgead a thabhairt dó nó go marbhochadh sé é. Léim an buachaill anuas agus chaith sé an t-airgead ar an talamh. Léim an robála ag cruinniú an airgid. Léim an buachaill ar an gcapall agus bhain sé amach. Nuair a chonnaic an feilméar ag teacht é rith sé in a airicis.
"Ara, a Sheáin, arsan feilméar, céard do rinn tú leis an bhó nó cé'n chaoi ar tionntuigh tú an bhó isteach i gcapall".
"Muise a rúin, arsan buachaill, nuair a bhí mé ag teacht an bóthar thainic robála suas liom. "Tabhair dhom do cuid airgid nó marbocainn tú" ar seisean. Léim me anuas den capall agus chaith me an t-airgead ar an talamh agus an fhaid a bhí sé ag cruinneál an airgid léim mé ar an gcapall agus bhain mé amach".
"Rinn tú go rí-maith, arsan feilméar.
Nuair a d'fosgladh an diallaid bhí fice gíní insan mála agus dhá phiostal.- Collector
- Caitlín Ní Cailín
- Gender
- Female
- Address
- Doona, Co. Mayo
- Informant
- Tomás O Cailín
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 84
- Address
- Doona, Co. Mayo