Scoil: Tón Ruadh (uimhir rolla 12809)
- Suíomh:
- Tonroe, Co. Mayo
- Múinteoir: Máirtín Ó Giobaláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tón Ruadh
- XML Leathanach 60
- XML “Drochaimsir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lá agus oidhche. Do leag sé tíghthí agus crainn agus marbhuigh sé a lán beithidheach. Na caoirigh a bhí amuigh, marbhuigheadh íad leis an storm agus gach rud eile a bhí amuigh fuaradh marbh íad nuair bhí an storm thart. Is iomdha sin páiste a fuair bás leis an ocras agus an bhfuacht. Nuair a leag an storm na tíghthe in a raibh síad in a gcómhnaidhe fágadh na páiste amuigh sa bhfuacht gan rud ar bith le n-ithe agus as sin fuaradar bás. ’San gcaoi sin rinne an storm sin a lán dochair.
Deireann mo shean mháthair gur thárla storm eile nach raibh cómh mór leis an dá storm roimhe. Adeir sí go ndearna sé a lá dochair freisin. Do bhí an talamh bán le sneachta agus é in a carnaibh móra leis an ngaoth i lár na mbóthar. Do sheas an sneachta sin timcheall seachtmhaine nó mar sin. Ná caoirigh a bhí amuigh cailleadh íad sa sneachta agus gach cineál eile beithidheach a bhí amuigh cailleadh íad sin freisin. Nior cailleadh fear, bean nó páiste sa storm sin.
Is minic a chuala mé mo sean-mháthair ag trácht fá’n oidhche ar thuit(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Searraigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ballintadder, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Edward Connor
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Farmer (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ballintadder, Co. Mayo