Scoil: Tón Ruadh (uimhir rolla 12809)

Suíomh:
An Tóin Rua, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máirtín Ó Giobaláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0115, Leathanach 46

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0115, Leathanach 46

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tón Ruadh
  2. XML Leathanach 46
  3. XML “Both an tSionnaigh - Botuney”
  4. XML “Tonnach - Tonnagh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Deirtear go bhfuair Both an tSionnaigh a ainm o Shionnaighibh a chomhuigheadh inntí. Nuair a ruaigheadh daoíní eile na sionnaigh thagadh siad chuig Both an tSionnaigh arís mar bhí áit aca dul i bhfolach fá an bhfraoch agus i bpollaibh an cheanntair. Uaidh soin deireann cuid de na sean daoíníbh go bhfuair sé a ainm Both an tSionnaigh - Botuney.
    Deireann na daoíní eile go bhfuair sé a ainm ó’n mbothar atá ag dul o Churraigh chuig Tonnach. ’Sin é “bothar chun an tSionnaigh” h-athruigeadh é sin leis an aimsir go Both an tSionnaigh no Botuney.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sí Tonnach an t-ainm atá ar an mbailefearann go bhfuilim i mo chómhnaidhe ann. Áit iseal bog ’seadh í.
    Fad fad ó sul ar doimhnigheadh an abha bhí an talamh i bhfad níos buige agus is beag teach a bhí ann. Do thagadh tuile mhór ós cionn an bailefearann ar fad.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Tonnach, Co. Mhaigh Eo