Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- Greenans, Co. Mayo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 85
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go bfhuil trí barraillí oír i bhfolach i measc na sleíbhte Bhurren agus go bhfuil £10,000 ins na trí barraillí sin. Dob iad na Lochlannaigh a chuir ann é, de reír an t-seanchais. Aon uair amháin do tháinig sagart ó'n bhFrainnc agus do chuala sé i dtaobh an oír i mBurren. Chuaidh sé go dtí an áit ar mhuin chapaill agus nuair a thaínig sé go dti an poll sa cairraig las sé coinneal agus isteach leis sa pholl. Nuair a bhí sé leath an bhealaigh ins an bpoll do mhúchadh an choinneal -- las an sagart an choinneal uair eile, agus chuaidh sé níos sia isteach sa pholl go dtáinig sé ar trí barraí iarainn. Leím fear isteach tríd na barraí iarainn. Ní raibh sé istich noíméad go dtáinig rud mór éígin ó pholl eile a bhí sa charraig agus d'ith se an fear. Achair nimhe a bhí ann. Do chuir an slagart slabhradh iarainn timchéall na mbarraillí chun(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mártan Mac Cuimilín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Séambarsach
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Greenans, Co. Mayo