School: Caurane (C.) (roll number 13176)
- Location:
- Caurans Lower, Co. Mayo
- Teacher: Bean Uí Fhaoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caurane (C.)
- XML Page 381
- XML “Leathbhaile an Rí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)féin gan i leigint do'n taidhbhse teacht níos giorra dó. Nuair a tháinig an buachaill leis an uisge coisreagan chraith an sagart air féin agus ar an mbuachaill é. Annsin thóg sé amach a leabhar bheannuighthe is thosuigh sé a' léigheamh agus bhí ar an taidhbhse imtheacht. Bhí an-buile air ag dul amach i Loc Con dó agus rinne se torann uathbhásach mar bheadh slabhraí dá craitheadh istigh i mbarraille. Dubhairt an sagart annsin,
"Téigh go dtí an t-oileán sin thall agus fan annsin go lá deiridh an tsaoghail."
Tá an taidhbhse annsin ó shoin. In am marbhtha na h-oidhche bionn torann na slabhraí le cloisteál. Tugtar Oileán na Slabhraí air mar gheall ar sin.Fuair Sorchadha Nic Loclainn an cúnntas seo thuas ó n-a Máthair, atá in a cómhnuide i Doirte Thic, Turloc.- Collector
- Sorchadha Nic Lochlainn
- Gender
- Female
- Address
- Derryhick, Co. Mayo