Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
- XML Leathanach 288
- XML “Bóithre”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)atá i Sliabh Cailceach freisin tríd na bailte seo - Béálbealaigh, Curlough, Bawnboy, agus annsin go dtí Baile an Chabháin. Is ar an mbóthar sin a théigheadh na daoine fadó go dtí baile an Chabháin leis an gcíos don Tighearna Talmhan agus ar an mbóthar sin leis a théigheadh siad go dtí Bun Dobhráin agus go dtí sráidbhaile Blaclion. Ní oibrightear anois é car ar bith ach sul ar tosnuigheadh ar an mbóthar i mBéal Bealaigh is ar an mbóthar seo a théigheadh na daoine. Ó deineadh an bóthar go dtí An Bearna Mór fágadh an sean bhóthar gan a bheith in úsáid, agus ní fios cén uair a deineadh an sean bóthar mar tá sé imthighthe as cuimhne na ndaoine.Fadó bhíodh spórt is siamsa ag na crosbhóthair. Ins an tráthnóna Dé Domhnaigh bhíodh caitheamh cnaipí agus amhránuideacha is ceol ann agus nuair a bhíodh pósadh thart fadó bhíodh an lánamha nuadh-phósta is na cáirde go léir a' damhsadh. Ní bhíonn aon rud mar sin anois ach taréis an dára Aifrinn Dé Domhnaigh bailigheann sluagh mór daoine le chéile agus bíonn seanchas beag aca.
óBrígid Ní Siordan,
An Charraig,
Gleann-Gaibhleann- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Siordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin